OneNote API

Tá APIanna OneNote le haghaidh oibre agus scoile le fáil anois
in éineacht le réamhamharc ar chomhtháthú Microsoft Graph.

Do Windows, Windows Phone, iOS, Mac, Android & Gréasán

OneNote API

foghlaim

Tagairt api

Cabhraíonn ár ndoiciméadúchán idirghníomhach leat OneNote APIanna a chur chun siúil go tapa.

doiciméadúchán

Áirítear le hacmhainní MSDN ranganna teagaisc agus ábhair thagartha eile a chabhraíonn leat tuiscint a fháil ar na mionsonraí a bhaineann le OneNote API.

samplaí cóid

Tá samplaí cóid le haghaidh Android, Windows, agus gach uile rud idir eatarthu ag ár gcuntas GitHub.

Físeáin

Taispeánann an tsraith OneNote Development ar Channel9 duit conas d'fheidhmchlár a chomhtháthú le OneNote.

pobal

Blag

Is féidir an fhaisnéis is déanaí a fháil faoi imeachtaí agus faoi fheabhsúcháin seirbhíse atá ag teacht aníos ach cuairt a thabhairt ar ár mblag.

Twitter

An bhfuil blagphoist rófhada duit? Is féidir léargas ginearálta a fháil ach cuairt a thabhairt ar ár gcuntas Twitter.

stack overflow

Bhaineamar go léir úsáid as Stack Overflow. Is féidir freagra a fháil ann anois freisin ar na ceisteanna atá agat faoi OneNote APIanna.

Tabhair aiseolas

An bhfuil moladh iontach agat le haghaidh an API? An bhfuil tuilleadh léargais uait faoinár dtreochlár? Breathnaigh ar ár bhfóram UserVoice.